Your privacy is important to us.
This website uses cookies to help deliver its services. By using this website, you agree to the use of cookies as outlined in our Privacy Policy.
Ag tús an 17ú haois, le Gaeilge a tógadh beagnach gach duine ar an oileán fós. Bhí tionchar aici ar an dlí, ar an fhilíocht agus ar an reiligiún le céadta bliain, agus fiú labhair iad siúd de shliocht Normannach í go líofa.
Ach, bhí athrú buan ar an tírdhreach polaitiúil. Cuireadh tús le ré nua nuair a rinneadh scrios ar shean-ord na nGael, ré ina raibh plandálacha, coilíniú, agus nuair a rinne an stát iarracht an teanga chéanna a cheangail formhór an oileáin le chéile a scriosadh.
Deireadh Ord na nGael (1601)
Cor cinniúnach a bhí i gCath Chionn tSáile sa bhliain 1601, nuair a sháraigh an choróin Shasana fórsaí na hÉireann agus na Spáinne. Bhí an t-imeacht seo, agus Imeacht na nIarlaí ina dhiaidh sin sa bhliain 1607 (nuair a chuaigh tiarnaí Gaelacha Uladh ar deoraíocht) ina gcúis le scrios uaisle neamhspleách na hÉireann.
Gan a bpátrúin, tháinig meath ar na bardscoileanna, a bhí i mbun filí a chur faoi oiliúint le céadta bliain. Chaill filíocht chlasaiceach na hÉireann a hurraitheoirí uaisle, cé go mairfidh sí ar feadh glúin eile i lámha scoláirí dílse.
Plandálacha agus Aistriú Teanga san 17ú haoisy
I ndiaidh an chatha, chuir Coróin Shasana córas na bplandálacha i bhfeidhm, ag gabháil limistéir mhóra talún in Ulaidh go foréigneach agus á dtabhairt do choilínigh Shasana agus Albanacha. Thug na lonnaitheoirí seo leo Béarla agus Albainis, ag cruthú pobail dhátheangacha nó ilteangacha de réir a chéile sa tuaisceart agus san oirthear.
Bhí an Ghaeilge in úsáid go príomha go fóill ar fud cheantair na hÉireann áfach. Fiú amháin, d’fhoghlaim go leor lonnaitheoirí an Ghaeilge chun teagmháil a dhéanamh lena gcomharsana agus lena dtionóntaí le himeacht ama. Ach thosaigh an teanga de ghreim a chailliúint ar an chumhacht a bhí aici mar gheall gur coinníodh amach í ón rialtas, ó chúirteanna agus ón oideachas.
Reiligiún agus Cosc
D’éirigh teanga agus creideamh fite fuaite le chéile san 17ú haois. Tar éis an Reifirméisin, bhrúigh údaráis Shasana an Protastúnachas trí mheán an Bhéarla, agus lean an Caitliceachas, a cuireadh faoi chois go minic, d’úsáid a bhaint as an Ghaeilge i seanmóirí, i gcaiticeasmaí agus i bhfaoistin.
Go híorónta, ba chaiticiceasma Protastúnach é an chéad leabhar riamh a cuireadh i gcló as Gaeilge, Aibidil Gaoidheilge agus Caiticiosma le John Kearney (1571), a scríobhadh chun cainteoirí Gaeilge a thiontú. Ach chinntigh raon níos leithne an Chaitliceachais gur fhan an Ghaeilge mar theanga shaol spioradálta an tromlaigh.
Laghdaíodh an Ghaeilge go hindíreach mar gheall ar na Péindlíthe freisin, a bhí dírithe ar an bhonn a bhaint ó úinéirí talún agus ó chléir Chaitliceacha. Le scoileanna Caitliceacha faoi chois, ní bhfuair páistí a labhair Gaeilge mórán oideachais fhoirmiúil, agus leathnaíodh an Béarla mar theanga thráchtála, ghnó agus chumhachta.
Cromail (1649–1653)
Scrios géarfheachtas Oilibhéar Cromail in Éirinn an daonra agus an cultúr araon. Ruaigeadh pobail iomlána, agus díshealbhaíodh cuid mhór den aicme úinéireachta talún Caitliceach. Tháinig tuilleadh lonnaíochta de chuid Shasana le saighdiúirí Cromail, go háirithe i Laighean agus i Mumhan.
Ach mhair an Ghaeilge – go minic ar an imeall. Sna ceantair thuaithe is boichte, áit ina raibh ar theaghlaigh díláithrithe maireachtáil, d’fhan an Ghaeilge mar theanga nádúrtha an tsaoil laethúil.
An tOchtú hAois Déag: Meath agus Acmhainneacht
Faoi na 1700ídí, bhí athrú mór tagtha ar stádas na Gaeilge. Ba í teanga an tromlaigh sa tuath í fós, ach bhí an Béarla in úsáid go príomha i mbailte, i dtrádáil agus i riarachán.
Ach fós, fuarthas bealaí chun cultúr na hÉireann a oiriúnú. Lean filí ar nós Aogán Ó Rathaille agus Eoghan Rua Ó Súilleabháin le traidisiún na mbard i bhfoirmeacha nua, ag ceapadh véarsaí faoi scrios an tsean-ordaithe nó a rinne scigaithris ar riail Shasana. I ndánta na haislinge, bhí samhail den ré seo ceaptha ina raibh Éire mar bhean álainn ag fanacht le saoirse, léiriú fileata ar dhóchas polaitiúil agus ar leanúnachas cultúrtha.
Faoi dheireadh an 18ú haois, bhí pobail na Gaeilge ag éirí níos boichte agus bhí méadú ar líon phobal na Gaeilge a bhí suite i limistéir níos tuaithe, agus bhí baint ag an Bhéarla le soghluaisteacht shóisialta. Bhí tús curtha le meath na teanga curtha, cé gur lean an focal labhartha de bheith in úsáid i dtithe beaga, i bpáirceanna agus i sráidbhailte ar fud an oileáin.
Teanga agus daoine faoi léigear, ach gan bhriseadh
Idir 1600 agus 1800, chaill an Ghaeilge a háit i gcúirteanna dlí, i scoileanna agus i bpáláis. Measadh gur teanga na dtuathánach seachas na bprionsaí í. Ach, cé go ndearnadh iarracht í a scriosadh agus a chur faoi chois, níor éirigh leis na hiarrachtaí go hiomlán. Mhair sí i bpaidreacha a labhraíodh i gcogar i séipéil, i mbailéid a canadh nuair a tháinig daoine le chéile, i scéalta a insíodh sa bhaile.
Cé gur lagaíodh í, thug an teanga comhchuimhne na hÉireann isteach sa ré nua-aimseartha. Chinnfeadh na céadta bliain a bhí le teacht, an Gorta Mór, an oll-eisimirce, agus gluaiseachtaí athbheochana níos déanaí, cad é a bhí i ndán don teanga.