Teanga: English Gaeilge
Infhaighteacht lóistín
Home > Nuacht > Dinnéar Ghlór na nGael
Infhaighteacht lóistín

Dinnéar Ghlór na nGael

Grúpaí Dhoire i measc na buaiteoirí ag Bronnadh Náisiúnta Ghlór na nGael 

Bhronn Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUiginn na duaiseanna i gComórtas Ghlór na nGael in Óstán Carton House, Maigh Nuad oíche Shathairn.  

I measc na duaiseanna a bhronnadh ar an oíche, bronnadh Duais Chomhairle na Gaelscolaíochta agus seic do £1,500 ar Glór na Speiríní as Baile na Scríne. Bhí ceathar ón choiste i láthair ag an ócáid, agus ghlac Seán Mac Giolla Fhiondáin leis an duais thar cheann an choiste. Bronnadh an chéad áit sa Rannóg do Choistí le Daonra faoi bhun 4,000, agus seic do €4,000 ar Choiste Forbartha Charn Tóchair. Ghlac Niall Ó Catháin leis an duais thar cheann an choiste.

B’iad Cumann Forbartha Chois Fharraige, Gaillimh a thug príomhdhuais Ghlór na nGael ina bhaile leo agus seic le haghaidh €20,000.  Duaischiste de luach €80,000 ina iomláine a bronnadh ag ócáid bhliantúil Ghlór na nGael ar choistí pobail, clubanna CLG agus cumainn 3ú leibhéal as sár-obair i gcur chun cinn na Gaeilge de.

Bronnadh mórdhuaiseanna eile ar Glór Cheatharlach, Glór na Móna, Béal Feirste agus Coiste Forbartha Charn Tóchair, Co. Dhoire agus ba iad CLG Na Piarsaigh, Ros Muc i gContae na Gaillimhe a thug an duais CLG ina bhaile leo.

Bronnadh an gradam speisialta, Gradam Ghlór na nGael ar theaghlach Shéamuis Mhic Géidigh as ucht a obair chraoltóireachta agus a ról i gcúrsaí forbartha pobail. Bhí a bhean chéile Dolores i láthair ar an oíche, chomh maith lena mhac Dónall, agus a chuid iníonacha, Éadaoin & Póilín. 

Chomh maith leis an Uachtarán, bhí urraitheoirí ó go leor eagras i láthair, Foras na Gaeilge agus Údarás an Gaeltachta ina measc.


GRIANGHRAF B: Niall Ó Catháin, Coiste Forbartha Charn Tóchair, ag glacadh leis an duais don chéad áit sa Rannóg do Choistí le Daonra faoi bhun 4,000, i guideachta Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUiginn, Pat Carey, Cathaoirleach Bord Stiúrtha Ghlór na nGael, agus Pól Ó Gallchóir, Cathaoirleach Bord Fhoras na Gaeilge

Co. na Mí 22 Aibreán 2017
Sign Up
Baineann 'An Carn' úsáid as fianáin chun feidhmiúlacht uachtarach agus eispéireas feabhsaithe d'ár suímh a thabhairt duit. Léigh fán dóigh a úsáidtear fianáin agus an dóigh is féidir leat a bheith i gceannas orthu anseo. Glacann tú leis an polasaí seo le hathúsáid an tsuímh seo.